An Ostair
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
| Mana: - | |||||
| Amhrán náisiúnta: Land der Berge, Land am Strome | |||||
![]() |
|||||
| Príomhchathair | Vín 48°12′ Thuaidh 16°21′ Thoir |
||||
| An chathair is mó | Vín | ||||
| Teangacha oifigiúla | Gearmáinis | ||||
| Rialtas
Uachtarán
Príomh-aire |
Poblacht Heinz Fischer Alfred Gusenbauer |
||||
| Neamhspleáchas |
|||||
| Achar • In iomlán • Uisce (%) |
83,871 km² (113ú) 1.3% |
||||
| Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
8,189,000 (92ú) 8,032,926 97/km² (-) |
||||
| OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $267 billiún (35ú) $32,962 (9ú) |
||||
| Airgeadra | Euro (EUR) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET (UTC+1) CEST (UTC+2) |
||||
| Fearann Idirlín | .at | ||||
| Glaochód | +43 |
||||
Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair. Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an bPoblacht Seiceach, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, agus leis an Eilvéis.
Bhí daoine ina gcónaí i gceantar na Danóibe timpeall 80,000 bliain ó shin, ach níor tháinig aon fhorbairt ar stát ar bith sa cheantar go dtí gur ghabh na Rómhánaigh seilbh air timpeall aimsir Chríosta. Cúige ar theorainn impireacht Charlemagne a bhí san Ostair go luath sna meánaoiseanna, go dtí gur tháinig na Magyar, nó na hUngáirigh sa deichiú haois. Tháinig rítheaghlach Babenberg chun cinn agus bunaíodh stát lena phríomhchathair i Vín i 1116. Ba chuid d'impireacht naofa na Róimhe (impireacht Gearmánach i ndáiríre) í an Ostair as sin go ceann blianta fada.
D'athraigh na hOstaraigh a ndílseacht ar feadh tamaill go rithe na Bóithéime agus de réir a chéile tháinig rítheaghlach nua i dtreis, ceann de na teaghlaigh ba chumhachtaí a bhí riamh san Eoraip, na Hapsburg. Bhí siad ina rithe ar an Ostair agus ar an Bhóithéim agus tháinig tailte eile timpeall ar an Ostair, agus i bhfad i gcéin (ríocht na Spáinne agus a tailte thar lear san áireamh) ina seilbh. Bhí iomaíocht ghéar idir í féin agus Impireacht Ottomach na Tuirce agus rinne na Turcaigh léigear ar Vín in 1529 agus i 1683.
Bhí an Ostair ar cheann de mhórchumhachtaí na hEorpa go dtí gur cloíodh í sa Chéad Chogadh Domhanda, fiú tar éis do Napóilean an tír a ghabháil, agus a príomhchathair Vín (Wien) ar cheann de na cathracha ba thaibhsí sa domhan. D'éirigh leis na hOstaraigh an bua a fháil ar Napóilean i gcúpla cath, agus bhí lámh ag an gCunta Metternich, Seansailéir na hOstaire, i leagan amach teorainneacha na hEorpa in 1815. Bhí tréimhse fada síochána sa tír ansin go dtí gur dúnmharaíodh oidhre na ríochta, an tArd-diúc Franz Ferdinand i Sairéavó ar an 28 Meitheamh 1914, eachtra a chuir tús leis an Chéad Chogadh Domhanda. Chaill an Ostair a forlámhas ar fhormhór a himpireacht agus bunaíodh poblacht i 1918, ach níor mhair a neamhspleáchas i bhfad. Ghabh Adolf Hitler, Ostarach ó dhúchas, a tháinig i gceannas ar an Ghearmáin, seilbh ar an tír i 1936 agus ba mar chuid den Reich Gearmánach a ghlac sí páirt sa Chéad Chogadh Domhanda. Leagadh síos na teorannacha atá anois aici tar éis don Aontacht Shóivéideach í a ghabháil i 1945. Rinneadh ceithre chuid den tír, ach tugadh a neamhspleáchas di nuair a scríobhadh bunreacht nua a chinntigh neodracht na tíre agus bhí sí neamhspleách arís.
Le cabhair ó Phlean Marshall tháinig forbairt mhear eacnamaíoch ar an tír tar éis an Dara Chogaidh Domhanda. Is ball iomlán den Aontas Eorpach ó 1995 i leith í.
| An tAontas Eorpach (AE) | ||
|---|---|---|
| an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
| Le teacht | ||
| an Chróit • Poblacht na Macadóine • an Tuirc | ||


